Saol ar Inis Caorach. Is iomaí uair a bhíodh sé istigh ann ar saoire agus ag iascaireacht. Tá sé thart ar 4 mhíle ón ché, tá sé níos deise d’Árainn Mór ná don tír mór. Bhí thart ar 13 teaghlach ann san am sin. Bhí bád ag achan teaghlach agus bhíodh siad ag iascaireacht scadán agus bradáin, balláin agus deargóga fosta . Ach nuair a thosaigh teaghlaigh ag fágáil an oileáin, b’éigean don chuid eile fágáil fosta mar nach raibh go leor fágtha le cuidiú leis an obair a bhí i gceist leis na báid a tharraingt suas. Bhí Gaeilge dheas ar an oileán agus is cuimhin leis focail nár chluin sé ariamh roimhe ag a mháthair mhór.
Bhí mianach istigh am amháin, níor dheachaigh duine ar bith a chóir ach luigh sé ansin blianta gur thug na saighdiúirí leo amach na farraige é agus phléasc siad suas é. Iascaireacht is mó a rinne siad, in báid réthónach (flat-bottomed), ní raibh curraigh ar bith acu istigh ansin cosúil le Gabhla.
Théadh siad an Aifrinn in Árainn Mór. Théadh siad chuig na damhsaí ansin fosta gan cead, scéal faoi oíche amháin nuair a bhí sé 13 nó 14 bliain d’aois, thug sé leis bád isteach go Árainn gan cead agus chuaigh sé suas ar na creaga ar a bhealach na bhaile.
Níl cé ar bith ansin anois, thit sé as a chéile.
Nuair a d’fhág daoine an oileán chuaigh cuid acu go Árainn Mór agus shocair cuid eile taobh amuigh den Chochán Liath. Bhí Willie é féin ar shiúl go hAlbain an t-am sin. | 00:05:46 | |